Seán Ó Buachalla (Green Party)
candidate Dáil election

year born
1981
professional qualification
BA from NUIM and state accreditation as Irish-language translator
occupation
Irish-language translator
residence (town, city, district)
Dún Búinne, Co. na Mí.
constituency
Meath East ,
1st preference votes: 461, 1,1%
Landeslistenplatz
-
Seasfaidh mé go daingean le stádas na Gaeilge san Ardteist. D´fhreastail mé féin ar mheánscoil lán-Ghaeilge agus tuigim gurb iad na modhanna teagaisc is cúis le caighdeáin ísle Ghaeilge na ndaltaí agus ní an éigeantas. (...)
 
personal website
www.meathgreens.net
Questions to Seán Ó Buachalla
select question and answers by category
send me a mail to this email address, as soon as the answer arrives


Bitte loggen Sie sich hier ein.
Issue education
11.02.2011
By:

A chara,

Cén chaoi ina bhfuil tú? Tá mise i mo chonaí sa dáilcheantar ina bhfuil tusa ag seasamh. Is duine óg mé, is vóta mé agus is Gaeilgeoir brodúil mé. Táimse an-buartha faoin bpolasaí atá ar bun ag Fine Gael maidir leis an nGaeilge sa chúrsa Ardteiste. Tá Enda Kenny ag iarraidh fáil réidh leis an nGaeilge mar abhár éigeantach mar cheapann sé go réiteóidh é seo fadhb na Gaeilge sa chóras oideachais. Ach i ndáiríre, is polasaí leisciúil, sotalach atá ann a chaitheann anuas ar ár teanga agus ar Ghaeilgeoirí na tíre. Ní bhaineann an fhadhb leis an riachtanachas, baineann an fhadhb leis an gcaoi ina múintear an teanga agus leis an gcuraclam. Níl ciall ar bith sa pholasaí seo, ní dhéanfaidh sé ach dochar do-chúlaithe dár dteanga.

Má thoghtar thú, an dtacóidh tú leis an nGaeilge a choinneáil mar chroí-abhár don Ardteist?

Is mise,




A chara,

I live in your constituency. I am a young person, I am proud Irish speaker and I am a vote. I am, along with many others, very concerned about Fine Gael´s policy regarding Irish in the Leaving Certificate syllablus. Enda Kenny has released his plans to remove Irish as a compulsory subject from the Leaving Cert, a plan which he seems to think will solve the Irish language problem in the education system. But in all seriousness, when the policy is considered properly, it is a hugely arrogant concept that insults our language and its speakers. The problem lies not with the fact that Irish is a compulsory subject but in its teaching and curriculum. This policy makes absolutley no sense and if implemented, will do irreversable damage to our language.

If you are elected, will you support keeping Irish as a core Leaving Certificate subject?

Is mise,
Standard reply sent by Seán Ó Buachalla
none yetrecommendations
11.02.2011
Seán Ó Buachalla
, a chara,

Seasfaidh mé go daingean le stádas na Gaeilge san Ardteist. D´fhreastail mé féin ar mheánscoil lán-Ghaeilge agus tuigim gurb iad na modhanna teagaisc is cúis le caighdeáin ísle Ghaeilge na ndaltaí agus ní an éigeantas.

Is ball de Chonradh na Gaeilge mé agus tacaím go huile agus go hiomlán le moltaí na heagraíochta sin i leith fheabhsú mhúineadh na teanga sna scoileanna. Tá sé mar pholasaí ag an gComhaontas Glas stádas na Gaeilge a chosaint agus na modhanna teagaisc a fheabhsú ar mhaithe le líofacht i measc daltaí a fheabhsú chomh maith. Rith mé rún chuige sin ag Ard-Fheis an Chomhaontais Ghlais sa bhliain 2007 ionas nach mbeadh amhras ar bith ann faoi thacaíocht an Chomhaontais Ghlais do stádas na teanga sa chóras oideachais. Is féidir alt a léamh faoi sin ag an nasc seo a leanas (Féach *Sonc Glas do Mholadh FG* dar dáta 27 Feabhra 2007, thart ar dheireadh an leathanaigh, áit a bhfuil foclaíocht an rúin féin as Gaeilge agus as Béarla): www.meathgreens.net/news.htm

Tá súil agam gur leor sin mar fhreagra ar do cheist.

le dea-mhéin,
Seán Ó Buachalla.

note of the editor: please use google translate for translation
X
flag answer as interesting
Your question to Seán Ó Buachalla
The question-submitting tool has already been disabled.